LASAIR CLÁR FORBARTHA GEARRSCANNÁN FAISNÉISE GAEILGE
RANNPHÁIRTITHE FÓGARTHA
Tá lúcháir mhór ar Docs Ireland, i gcomhar le Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí, seacht dtionscadal nua a fhógairt d’eagrán píolótach LASAIR, an Clár Forbartha Gearrscannán Faisnéise Gaeilge.
Is gorlann trasteorann faoi stiúir tionscadail í LASAIR fá choinne gearrscannáin faisnéise ardchaighdeáin i nGaeilge. Tá an scéim oscailte do scannánóirí ag achan céim dá ngairmréim, ó thallann a bheadh ag teacht chun cinn go scannánóirí seanbhunaithe. Tabharfar tacaíocht dóibh fríd chlár coimeádta oiliúna agus forbartha, agus tabharfar deis dóibh cur i láthair a dhéanamh le cistiú léiriúcháin a mhealladh dá scannán.
Is iad seo a leanas rannpháirtithe agus tionscadail LASAIR:
A Dark Day on the Blaskets
Stiúrthóir: Cormac Morel
Léiritheoir: Lia Nic Craith

Saol agus bás gaisciúil Eibhlín Nic Niocaill atá ligthe i ndearmad — scoláire, gníomhaí, agus duine de na mná is suntasaí in Éirinn go luath san fhichiú haois — tugtar an scéal sin chuig an scannán go beoga tríd athchruthú drámata agus tríd fhianaise ó bhunfhoinse. Fiosraítear sa scéal cé chomh bocht is a bhí cás mhuntir na hEireann nuair a cuireadh duine de na daoine ab éirimiúla ina tost nuair nach raibh sí ach cúig bliana is fiche.
In Aon Bhreith (Born Together)
Stiúrthóir: Paul Webster
Léiritheoir: Deirdre Learmont

Plé croíúil léirsteanach fá na caidrimh i dteaghlaigh, idir siblíní, agus an grá trí shúile siblíní atá ina gcúpla, ina dtríríní agus ina gceathrairíní etc, ag aoiseanna éagsúla ó naíonacht go seanaois.
Leos
Stiúrthóir: Soso Ní Cheallaigh

Tá gach rud ag athrú i Mín na Leice, agus i ndiaidh bás Máire Brennan agus Leo Brennan, tá Bábá agus Bartley go fóill ar chúl an bheáir i Tábhairne Leo.
Part-time Fixers
Comhstiúrthóir: James Skerritt
Comhstiúrthóir: Ciana March

In Part-time Fixers, insítear scéal na ndaoine ar na hoileáin amach ó chósta na hÉireann a choinníonn na gluaisteáin níos sine ag feidhmiú. An dóigh ar féidir Toyota Corolla ó 1992 a choinneáil ag dul, gluaisteán atá níos meirgí ná feidhmiúil, agus a bhfuil dath difriúil ar dhoras an phaisinéara aige. Coinnítear é ag dul de bharr riachtanais agus cúraim seachas é a uasghrádú ag an chéad comhartha den trioblóid.
Na Máistrí Rince
Comhstiúrthóir: Seán Hughes
Comhstiúrthóir: Kyle Macaulay

Ag am ina mbíonn daoine ag éirí níos uaigní, cothaíonn an damhsa traidisiúnta mothú pobail fríd an ghluaiseacht agus an chuimhne, an teagmháil agus an gean, agus fríd an rithim agus an muintearas.
Tionscadal gan teideal faoi lucht tacaíochta peile
Stiúrthóir: Molly Wallace

Tugann an scannán faisnéise Gaeilge seo léargas nua ar chultúr an lucht tacaíochta peile fud fad na hEireann; áit a bhfuil na leantóirí seo mar chanbhás den phobal, den ghníomhaíochas agus den dáimh.
Tairseach Ár Linne
Stiúrthóir: Ainle Ó Cairealláin
Léiritheoir: Hazar Azzeh

Tá Éire ar thairseach an chlaochlaithe is suntasaí ó tharla críochdheighilt na tíre 1922 – athaontú na tíre. Déanann ‘Tairseach Ár Linne’ iniúchadh ar an dioscúrsa thart ar an athaontú i mBéal Feirste – cathair ina raibh tionchar géar na críochdeighilte le mothú, agus áit a bhfuil an díospoireacht fán athaontú go tiubh i mbéal an phobail.
Is tionscnamh de chuid Docs Ireland é Lasair, i gcomhar le Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí lena dtacaíonn an Ciste na nOileán Comhroinnte sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, TG4, BBC Thuaisceart Eireann, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, agus Fís Éireann/Screen Ireland.
LASAIR IRISH SHORT DOCUMENTARY DEVELOPMENT PROGRAMME
PARTICIPANTS ANNOUNCED
Docs Ireland, in association with Cork International Film Festival, is delighted to announce seven new projects for the pilot edition of the LASAIR Irish Short Documentary Development Programme.
LASAIR is a cross-border, project-led development incubator for high-quality short documentary films in the Irish language. The scheme is open to filmmakers at all career stages, from emerging to established talent, who will be supported through a curated training and development programme, and given an opportunity to pitch for production funding for their film.
The participants and projects for LASAIR are:
A Dark Day on the Blaskets
Director: Cormac Morel
Producer: Lia Nic Craith
The forgotten life and heroic death of Eibhlín Nic Niocaill — scholar, activist, and one of the most remarkable women of early twentieth-century Ireland — is brought vividly to screen through dramatized reconstruction and first-hand testimony, asking what Ireland lost when one of its brightest voices was silenced at just twenty-five.
In Aon Bhreith (Born Together)
Director: Paul Webster
Producer: Deirdre Learmont
A heartwarming and insightful exploration of family, siblinghood and love through the eyes of multiples (twins, triplets and quadruplets etc) at various ages from infancy to old age.
Leos
Director: Soso Ní Cheallaigh
Everything is changing in Meenaleck, and after the deaths of Máire Brennan and Leo Brennan, Baba and Bartley are still behind the bar at Leo’s Tavern.
Part-time Fixers
Co-director: James Skerritt
Co-director: Ciana March
Part-Time Fixers follows the story of the people on the islands off Ireland that keep the older cars ticking along. How a 1992 Toyota corolla that is more rust than car, with a different colour passenger door, is kept going, out of necessity and care, rather than upgrading it at the first sign of trouble.
Na Máistrí Rince
Co-director: Seán Hughes
Co-director: Kyle Macaulay
In an age of increasing isolation, traditional dance fosters community through movement and memory, through touch and tenderness, through rhythm and belonging.
Untitled Football Fans Project
Director: Molly Wallace
Told through the Irish language, this documentary journeys into Ireland’s football fan culture, where football support becomes a canvas for community, activism, and belonging.
Tairseach Ár Linne
Director: Ainle Ó Cairealláin
Producer: Hazar Azzeh
Tairseach Ár Linne explores the discourse surrounding reunification in Belfast, a city deeply affected by partition and where the debate on reunification is prominent in public discussion.
Lasair is an initiative of Docs Ireland, in association with Cork International Film Festival and supported by the Department of Foreign Affairs and Trade – Shared Island Fund, TG4, BBC Northern Ireland, Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, and Fís Éireann/Screen Ireland.
