Dord - A Film about Peadar Ó Riada (Scannán Faoi Pheadar Ó Riada)
For more than fifty years, Peadar Ó Riada has shaped Irish musical life through his work as a composer, broadcaster, choir director and community leader. Rooted in the Múscraí Gaeltacht of Cúil Aodha, Co. Cork, he has forged a distinctive creative path while carrying the extraordinary musical legacy of his father, Seán Ó Riada.
Filmed over six months in 2026 during a pivotal period in his life, this intimate documentary offers unprecedented access to Peadar's world, from family life and the renowned Cór Chúil Aodha to collaborations with Martin Hayes and the late Glen Hansard in his final filmed appearance. More than a portrait of one of Ireland's foremost cultural figures, the film becomes a meditation on creativity, friendship, community and legacy, revealing how one man's life has become inseparable from the music, language and place that shaped him.
Le breis is caoga bliain, tá saol ceoil na hÉireann múnlaithe ag Peadar Ó Riada lena chuid oibre mar chumadóir, mar chraoltóir, mar stiúrthóir cóir agus mar cheannaire pobail. Fear é a bhfuil a chroí agus a anam i nGaeltacht Mhúscraí, i gCúil Aodha, Co. Chorcaí. Beifear i dteannta Pheadair sa scannán seo agus é ar aistear cruthaitheach saoil faoi thionchar oidhreacht éachtach cheoil a athar, Séan Ó Riada.
Tabharfar léargas domhain pearsanta sa scannán seo, a taifeadadh thar sé mhí in 2026 le linn tréimhse ríthábhachtach ina shaol, ar shaol Pheadair, idir shaol an teaghlaigh agus chór clúiteach Chúil Aodha, agus ar a chomhpháirtíochtaí ceolmhara le Martin Hayes, agus le Glen Hansard, arbh é seo an taifeadadh deireanach a rinne Glen sular bhásaigh sé.
Ní leor a rá gur portráid é seo de dhuine de na pearsana cultúir is mó le rá in Éirinn, mar gur scannán é a dhéanann dianmhachnamh ar chruthaitheacht, cairdeas, pobal agus oidhreacht, agus a chaitheann solas ar shaol fir nach féidir a scaradh ón gceol, ón teanga ná ón áit a mhúnlaigh é.
Followed by a musical performance. Ar leanúint ag léiriú ceoil.